Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí, 2023
D’eisigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil ar Sheirbhísí Poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2023.
Déileáiltear leis an méid seo sa tuarascáil
- aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú mar gheall ar mo chuid iniúchtaí ar na cuntais leithreasa arna n-ullmhú ag na hOifigigh Chuntasaíochta de chuid ranna agus oifigí an rialtais maidir leis na leithreasaí arna vótáil ag Dáil Éireann don bhliain airgeadais roimhe sin
aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú ag eascairt as mo chuid imscrúduithe ar na rialuithe inmheánacha airgeadais atá á bhfeidhmiú ag ranna agus ag oifigí rialtais (sa bhliain airgeadais reatha nó roimhe) d’fhonn rialtacht a n-idirbheart airgeadais a chinntiú, cruinneas a gcuid íocaíochtaí agus fáltas, iontaofacht agus iomláine a gcuid taifid chuntasaíochta agus cosaint na sócmhainní atá faoina n-úinéireacht agus rialaithe acu
- torthaí na n-imscrúduithe a rinne mé ar na cuntais ar an ioncam ar fad a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim – áirítear leis na himscrúduithe sin measúnú ar cibé acu an bhfuil na cuntais iomlán agus cruinn, agus cibé acu an bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais curtha ar bun agus i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim, atá leordhóthanach chun seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar mheasúnú, bailiú agus leithdháileadh ceart an ioncaim.
Tá an tuarascáil ar fáil thíos
Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí 2023
1. Toradh airgeadais an Státchiste do 2023
2. Maoiniú an rialtais láir d’údaráis áitiúla
3. Cuntasaíocht vótaí agus bainistíocht bhuiséid
4. Bainistíocht riosca i gcás tuilte a chur in oiriúint do thionchair an athruithe aeráide
5. Seachadadh tithíochta mearthógála
6. Costas chun póilíneacht a dhéanamh ar imeachtaí nach dualgas poiblí iad
7. Infheistíocht an Stáit in eastát na scoileanna a chosaint
8. Monatóireacht agus bainistíocht a dhéanamh ar fheidhmíocht na gcigireachtaí scoile
9. Measúnú na n-infheistíochtaí i dtionscadail iarnróid
10. Feidhmíocht an chaiteachais ar na healaíona agus spórt a thomhas
11. Maoiniú eisceachtúil Stáit don Peter McVerry Trust
12. Tionscadail an Chiste Bonneagair Áitiúil um Sheachadadh Tithíochta a Ghníomhachtú
13. Rialtacht na n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh
14. Deireadh a chur leis an scéim Togra Poist
15. Rialú na Scéime Saorthaistil
16. Úsáid sonraí fíor-ama na gCoimisinéirí Ioncaim i measúnuithe achmainne agus ioncaim don leas sóisialach
17. Córas comhtháite bainistíochta airgeadais Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
18. Fáltais ón gcáin charbóin a riar
19. Bailiú cánach ar dheochanna milsithe le siúcra
20. Comhlíonadh an cáiníocóirí a chinntiú
21. Dilteanas maidir le Measúnú agus bailiú ar mhálaí plaisteacha
22. Cuntais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
23. Feidhmíocht chiste eascró Apple na hÉireann
24. Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann